FAQ Irish
Click here
Cumann Náisiúnta na gCleachtóirí SE™ in Éirinn
Fóireann an téarma álainn, tairseach, dúinn sa Chumann seo mar go gceanglaíonn sé an cineál oibre a dhéanaimid tríd an Aireachtáil Sómatach le coincheapa domhain, rúndiamhara na tairsí. Is ionann tairseach agus bealach tríd rud éigin, teorainn éigin, nó poitéinseal. Cé gur ainmfhocal atá ann, tuigeann éinne a bhfuil Gaeilge aici/aige, saibhreas na brí atá folaithe sa téarma céanna, a spreagann coincheapa a bhaineann le bheith ag bogadh .i. thar agus tríd rud éigin, leis an cheangal a bhíonn idir dhá rud – an áit sin idir dhá áit, spás tairseachúil, más mian leat. Bogaimid thar an tairseach. Is tríd an phróiséas sin a osclaítear spás nua, spás atá fós le nochtadh, le cruthú, spás candamach. Agus ar ndóigh, cén dóigh a mbeannaímid de dhuine nuair a thagann sé/sí chugainn thar an tairseach isteach ag an phointe sin agus iad ag cur cos thar leac an dorais? “‘Sé do bheatha!” Nach álainn an ceiliúradh ar do bheatha é sin!
Cumann Náisiúnta na gCleachtóirí SE™ in Éirinn is ea Tairseach, cumann atá riartha ag baill an Chumainn féin. Bunaíodh Tairseach i mí Dheireadh Fómhair 2017 le tacaíocht a thabhairt do Chleachtóirí san Aireachtáil Sómatach (SE™) in Éirinn i bhforbairt ghairmiúil leanúnach. Tá meascán de bhaill atá cáilithe agus atá fós i mbun traenála san Aireachtáil Sómatach (SE™) sa Chumann seo.
Tá sé mar aidhm ag Tairseach pobal a chruthú do chleachtóirí san Aireachtáil Sómatach (SE™). Feidhmíonn an suíomh seo mar áit teagmhála dóibh siúd a bhfuil spéis acu níos mó a fháil amach faoin Aireachtáil Sómatach (SE™), nó le teacht ar chleachtóir ina gceantar féin in Éirinn.
Tá Cumann s’againn aitheanta ag an Cumann Eorpach san Aireachtáil Sómatach (SE™), EASE (the European Association for Somatic Experiencing™). Aithníonn siad muid mar an eagraíocht tacaíochta náisiúnta do chleachtóirí san Aireachtáil Sómatach in Éirinn.
Tá Tairseach ceangailte le Ireland Somatic Experiencing™(ISE) a bunaíodh in 2012, eagraíocht atá mar bhall d’EASE fosta agus a aithnítear mar an eagraíocht traenála do chleachtóirí san Aireachtáil Sómatach in Éirinn.
FAQ Irish
Click here
Resources - Irish
Click here
Join Us - Irish
Click here
Training - Irish
Click here
Martin Schlozer from Switzerland, who trained with ISE 2013-15, shows his integration of Feldenkrais and SE.
20 May 2023
At its fourth AGM and Community Day in February 2022, Tairseach voted to include Human Rights as a guiding framework.
20 Feb 2022
On Sunday 14 November, the third cohort of Somatic Experiencing students completed the course!
22 Nov 2021